Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
- News
-
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
-
Josephine Ní Ghallchóir Hajjaj as Doire Chonaire ó dhúchas.
Bean as an cheantar atá pósta ar Mhiondar, fear as an Phalaistín, agus cónaí orthu anois i Leitir Ceanainn. Tá feachtas bailiúcháin airgid ar bun ag Josephine agus ag Miondar anois chun tacú leis an teaghlach sa Phalaistín.
-
An Ceantálaí Éamonn Mac Giolla Bhríde.
Chur taighde a d’fhoilsigh Comhairle Náisiúnta na nÓg inné i gComhar le IPSOS in iúl gurb é costas maireachtála agus tithíocht na hábhar is mó atá ina n-ábhair bhuartha do dhaoine idir 18 agus 29, cén tuairim atá ag Éamonn?
-
An poitigéir Tomas Ó Muireadaigh.
An mbeidh ceimiceoirí in ann drugaí faoi leith a dháileadh ar othair gan cuairt a thabhairt ar a ndochtúirí teaghlaigh roimh ré faoi mholadh úr a bheas ag gabhail ós comhair an Rialtais.
-
Barrscéalta - Clár iomlan - 17/04/2024.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Dónall Mac Ruairí.
-
Christpher Mac Suibhne as Gaoth Dobhair agus Ciarán Mac Eachmharcaigh as Rann na Feirste a bhfuil cónaí orthu beirt i Dubai.
Thit an méid fearthainne agus a thitfeadh i mbliain iomlán i Dubai inné taobh istigh de cheithre huaire fichead. Bhí tuillte ar fud na háite, bhí daoine sáinnithe i gcarranna, bhí deacrachtaí móra san aerfort agus is cinnte gur eachtra as an ghnáth a bhí ins an mhéid a tharla inné.
-
Iar mhéara bhaile Leitir Ceanainn, An Comhairleoir Dónall Mac Giolla Chomhaill
Tá cead pléanála anois faighte do champas Spórt d’Ollscoil an Atlantaigh i Leitir Ceanainn, tá na sonraí uilig ag Dónall.